Mar is eol daoibh go léir, cailleadh ár gcara Micheál Ó Loideáin aimsir na Nollag, go ndéana Dia trócaire air. Bhíomar uilig croíbhriste nuair a chualamar go raibh sé imithe ar shlí na fírinne. Fear clainne ba ea Micheál a sheas go láidir leis an teanga agus lena phobal féin.
Go...

Go ndéana Dia grásta air.
Táimid chun comórtas peil ghaelach (idir scoileanna) a eagrú i gcuimhne air. Beidh an comórtas ar siúl ar pháirc astro na Ceathrún Ruaidh ar an tríú lá déag de mhí an Mhárta 2018 idir 10:30rn - 2:30in. Tá an dáta sin socraithe mar go dtiteann sé i rith Sheachtain na Gaeilge, bhí an pheil agus an ghaeilge an-ghar do chroí Mhichíl i gcónaí.
Ba mhór linn bhur rannpháirtíocht. Dá bhféadfadh sibh cibé airgead a dheonadh, bhéimis fíorbhuíoch. Bronnfar cibé airgead a bhaileofar ar Bone Marrow for Leukaemia Trust Ireland.
Na scoileanna a bheas ag glacadh páirt:
Coláiste na bPiarsach
Coláiste Naomh Feichín
Coláiste na Toirbhirte
Coláiste an Chláirín
Scoil Chuimsitheach Chiaráin
Coláiste an Eachréidh
Coláiste Cholmcille, Indreabhán
Coláiste Naomh Éinne, Inis Mór
Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin
Coláiste Ghobnait, Inis Oirr.
Míle buíochas,
Ciarán MacDonncha (Coláiste an Chláirín).